Ceisteanna Coitianta

Conas gur féidir leis na múinteoirí/daltaí teacht ar an ábhar?

“Nuair atá an cuntas beo, beidh an duine a chruthaigh an cuntas in ann logáil isteach leis na sonraí a chruthaigh siad agus iad ag clárú (ainm úsáideora agus pasfhocal). Nuair atá tú logáilte isteach beidh dhá chnaipe ag barr an leathanaigh ar dheis:

‘Do Phróifíl’ agus ‘Do Ghrúpa’. Brúigh ar ‘Do Ghrúpa’ agus osclóidh Painéal an Ghrúpa. Is anseo a thugann tú cuireadh do mhúinteoirí/daltaí na scoile a bheith páirteach sa ghrúpa .i. teacht a bheith acu ar an ábhar. Tá rogha ann daoine a chur leis an ngrúpa go haonarach (moltar seo a dhéanamh do na múinteoirí) agus rogha eile ann ‘Import group members’. Toisc go bhfuil go leor daltaí i gceist, moltar an CSV samplach a íoslódáil agus sonraí na ndaltaí ó na ranganna a chur isteach de réir an leagan amach atá ann. Is féidir le gach múinteoir ranga seo a dhéanamh dá g(h)rúpa féin. Déan cinnte go bhfuil na múinteoirí ar fad ag cur na sonraí seo ar an gcomhad excel céanna. Nuair atá sonraí na ndaltaí ar fad curtha isteach ar an excel, ní ga ach é a uaslódáil trí ‘choose file’ a bhrú agus é a cheangal, ansin brúigh ar ‘import CSV’. Gheobhaidh gach duine a bhí ar an excel cuireadh trí ríomhphost, má bhrúann na daltaí ar an nasc, beidh siad in ann logáil isteach leis na sonraí a tugadh dóibh. Is féidir leo pasfhocal nua a chruthú dóibh féin ansin más mian leo. Beidh teacht acu ar ábhar uile an tsuímh ansin ar scoil nó sa bhaile.

NÓTA: Bíonn gach cuntas nasctha le seoladh ríomhphoist, moltar ríomhphost scoile na ndaltaí a úsáid. Ní bhainfear aon leas eile as na sonraí seo d’aon fheidhm eile ach amháin rochtain a thabhairt dóibh ar na foilseacháin.

Conas a chláraím mo scoil do na foilseacháin?

“Má théann tú chuig https://foilseachain.gaellinn.ie/ feicfidh tú dhá chnaipe ar bharr an scáileáin ar dheis. ‘ Clárú’ agus ‘Logáil Isteach’.

1) Brúigh ar ‘Clárú’
2) Roghnaigh an síntiús is oiriúnaí don scoil: Rogha 1: 65 úsáideoir (€150) ;

Rogha 2: 130 úsáideoir (€250) ; Rogha 3: Gan teorann úsáideora (€400) 3) Líon isteach sonraí na scoile sonraí teagmhála Teagmhálaí 1 – Cuir isteach do shonraí féin anseo – is tusa riarthóir an chuntas thar cheann na scoile. -Teagmhálaí 2 – Cuir isteach sonraí mhúinteoir eile sa scoil anseo. Faigh cead uathu i dtosach. Ní dhéanfar teagmháil leo ach amháin muna bhfuilimid in ann teacht ar theagmhálaí 1. ”

Cad is brí le ‘grúpa’ i gcomhthéacs na bhfoilseacháin?

Is ionann ‘grúpa’ agus na húsáideoirí ar fad atá i do scoil. Bíonn an duine a chláraíonn an cuntas ar son na scoile ina riarthóir ar an ngrúpa. Tugann siad cuireadh do na múinteoiri agus na daltaí a bheith páirteach sa ghrúpa. Bíonn meascán de ranganna/blianta scoile mar chuid den ghrúpa céanna. Beidh teacht ag gach duine ar na foilseacháin go léir. Braitheann líon na ndaoine atá ceadaithe sa ghrúpa ar an síntiús a roghnaíodh – Rogha 1 (65 úsáideoir), Rogha 2 (130 úsáideoir) agus Rogha 3 (gan teorann úsáideora)

 

 

Conas gur féidir liom logáil isteach?

Tá cnaipí ag barr an scáileáin ar dheis ‘Clárú’ agus ‘Logáil Isteach’. Brúigh ar ‘Logáil Isteach’ Iarrfar ort ansin do sheoladh ríomhphoist/ainm úsáideora agus do phasfhocal a líonadh isteach. Baintear leas as na sonraí a chruthaigh tú nuair a chláraigh tú. Má dhéantar dearmad ar an pasfhocal, is féidir athshocrú pasfhocail a lorg.

Nuair atá tú logáilte isteach, ag barr an leathanaigh ar dheis feicfidh tú dhá rogha difriúil, sin ‘Do Phróifíl’ agus ‘Do Ghrúpa’

 

Cad é an scéal le Teagmhálaí 2?

Bíonn gá le duine breise a bheith ainmnithe ar son na scoile. Ní dhéanfar teagmháil leis an duine seo ach amháin muna bhfuil gá leis agus muna bhfuil Gael Linn in ann teacht ar an duine atá ainmnithe mar theagmhálaí a haon.

An bhfuil cóip crua ar fáil?

Níl Gael Linn ag cur cóipeanna crua ar fáil a thuilleadh. Tá cead ag scoileanna leagan inchlóite a íoslódail ón suíomh agus a chur i gcló iad féin más maith leo cóip crua a chur ar fáil do na daltaí/múinteoirí. Is féidir leathanaigh ar leith ón pdf a chur i gcló de réir mar a oireann in ionad an doiciméid ina iomlán a phriontáil. Tá cnaipe faoi na caibidil iad féin dárbh ainm ‘íoslódáil’ chun teacht ar an doiciméad.

Conas gur féidir liom teacht ar na míreanna fuaime a bhaineann leis na caibidil nua ó 2024/2025?

Tá cúpla rogha difriúil ann chun teacht ar na míreanna fuaime:

Ar an leagan digiteach de na caibidil atá ar fáil ar an suíomh, tá na comhaid fuaime leabaithe ar an doiciméad féin.

Nóta: Má fheiceann tú grafaic de chnaipe nach bhfuil ag seinm, seans mhaith go bhfuil an mír fuaime ina iomlán ar fáil ar an gcnaipe roimhe, bí cinnte éisteacht leis ina iomlán.

2. Tá seinnliosta de na caibidil ar fad ar fáil ar Souncloud anseo. Tá nasc chuig Souncloud faoi na caibidlí iad féin ar an suíomh chomh maith.

3. Tá seinnliosta de na caibidlí ar fad ar fáil ar Youtube Gael Linn neamhliostaithe. Cliceáil ar na nascanna thíos chun teacht orthu.

Dréimire 2024/2025

Caibidil 1
Caibidil 2
Caibidil 3 (ar fáil Mí Eanáir 2025)
Caibidil 4 (ar fáil Mí an Mhárta 2025) Staighre 2024/2025
Caibidil 1
Caibidil 2
Caibidil 3 (ar fáil Mí Eanáir 2025)
Caibidil 4 (ar fáil Mí an Mhárta 2025)

Tá na scripteanna ar fáil ag nasc beo faoi na caibidlí iad féin ar an suíomh.